NA MAIRBH (#13788)

A Dhia! is tú a mhaitheann na peacaí, a bhronnann tíolaicí orainn agus a dhíbríonn uainn an léan! 
Go deimhin, achainím ort a gcuid peacaí a mhaitheamh dóibh siúd a bhfuil éide an tsaoil seo tréigthe acu agus a d’ardaigh chun an tsaoil spioradálta. 
A Dhia! déan íonghlan ó chionta iad, scaip a  gcumha agus athraigh go solas a ndorchadas. Tabhair orthu dul isteach i ngairdín an tsonais, déan íonghlan iad leis an uisce is glaine agus deonaigh go mbreathnóidh siad do niamhracht ar an gcnoc is aired.

-`Abdu'l-Bahá
-----------------------

NA MAIRBH (#13789)

A Dhia! A Dhia! go deimhin, seo duit do sheirbhíseach, umhal os comhair mhaorgacht d’ardcheannais dhiaga, go híseal ag doras d’aontachta, a chreid ionat agus i do chuid véarsaí, a thug fianaise do do bhriathar, ar fhadaigh tine do ghrá é, ar tumadh é i ndoimhneacht aigéan  do chuid eolais, ar tharraing do chuid feothan chucu é, a chuir a mhuinín ionat, a rinne a achainí ort agus ar dearbhaíodh dó do phardún agus do mhaithiúnas. Tá sé i ndiaidh an bheatha shaolta seo a thréigean agus eitilt chun na ríochta síoraí, agus é ag tnúth leis mar fhabhar go gcasfar air tú. 
A Dhia! déan é a ghlórú ina riocht, tabhair coimirce dó faoi phailliún do thrócaire ardcheannasaí, agus lig dó maireachtáil i bhfad i do rósarnach uasal le go dtumfaidh sé i bhfarraige an tsolais laistigh de shaol na mistéirí. 
Go deimhin, is tusa an Flaithiúil, an Cumhachtach, an So-Mhaiteach agus an Bronntóir.

-`Abdu'l-Bahá
-----------------------

NA MAIRBH (#13790)

A Thiarna Sho-Mhaiteach! bíodh go bhfuil an saol caite ag cuid de na daoine le haineolas agus go bhfuil siad imithe in eascairdeas agus in easurraim, ina dhiaidh sin is uile, le gan ach aon tonn amháin amach as aigéan do mhaithiúnais, an méid acu atá sparrtha isteach ag peacaí gheobhaidh siad a saoirse uilig. Cibé duine is toil leat é déanann tú cara muiníneach de agus cibé duine nach ndéanann tú rogha air meastar ina neach ciontach é. Dá mbreathnófá orainn de réir do cheartais ní bheadh ionainn ach peacaigh go léir a mbeadh sé dlite duinn go ndúnfaí amach uait sinn ach dá mba rud é go seasfá do thrócaire linn dhéanfaí íonghlan gach peacach agus cara de gach coigríochach. Bronn, mar sin, ar chách do mhaithiúnas agus do phardún agus deonaigh dóibh do thrócaire.  
Is tusa, go deimhin, an So-Mhaiteach, Bronntóir an tSolais agus an tUile-Chumhachtach.

-`Abdu'l-Bahá
-----------------------

